Cuireadh Cumann Aistritheoirí agus Ateangairí na hÉireann ar bun in 1986 agus is é an t‑aon chumann gairmiúil in Éirinn a dhéanann ionadaíocht do bhreis is 300 aistritheoir agus ateangaire atá i mbun a ngairme i mbreis is 40 teanga éagsúil. Eagraíocht neamhbhrabúis is ea an Cumann agus tá sé ar an bpríomhphointe teagmhála do chomhlachtaí trádála, tionscail, rialtais, oideachais agus oiliúna. Tá an bunreacht ar fáil anseo
Déanann an Cumann a chion féin leis na caighdeáin a ardú sna gairmeacha:
- Cuireann sé tástáil ar aistritheoirí/ateangairí ar mian leo ballraíocht ghairmiúil a bhaint amach
- Cuireann sé tástáil ar Bhaill Ghairmiúla ar mian leo stádas mar “Aistritheoir Dlí Deimhnithe de chuid an Chumainn” a bhaint amach
- Reáchtálann sé ceardlanna agus seimineáir forbartha gairmiúla leanúnaí
- Cuireann sé ceangal ar bhaill cloí le Cód Cleachtais agus Eitice Gairmiúla atá docht daingean
Cuireann an Cumann comhairle ar dhaoine le cabhrú leo teacht ar aistritheoirí agus ateangairí cáilithe:
- Cuireann sé treoirlínte ar fáil chun cabhrú le daoine aistritheoir nó ateangaire gairmiúil a roghnú
- Coinníonn sé bunachar sonraí ar líne de na baill, a gcuid teangacha agus a réimsí saineolais
- Cuireann sé comhairle ar chomhlachtaí rialtais, cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, na meáin, agus comhlachtaí gairmiúla eile maidir le seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta
Feabhsaíonn an Cumann feasacht ar na gairmeacha:
- Foilsíonn sé an t-irisleabhar Translation Ireland
- Foilsíonn sé an ríomhiris ráithiúil ITIA Bulletin
- Cuireann sé aoichainteoirí ar fáil d’imeachtaí a bhaineann le cúrsaí aistriúcháin/ateangaireachta
Is iomaí buntáiste a bhaineann le ballraíocht sa Chumann:
- Comhairle gairme
- Deiseanna líonraithe in Éirinn agus thar lear
- Rochtain ar imeachtaí forbartha gairmiúla leanúnaí arna n-eagrú ag comhchumainn thar lear ar ráta fabhrach do bhaill
- Faisnéis maidir le poist d’aistritheoirí nó ateangairí in Éirinn agus ar fud an domhain
- Seirbhís eadrána i gcás easaontais maidir le cúrsaí aistriúcháin nó ateangaireachta
Déanann an Cumann ionadaíocht dá chuid ball go hidirnáisiúnta:
- Ag Cónaidhm Idirnáisiúnta na nAistritheoirí (FIT)
- Ar bhord FIT na hEorpa, an chraobh réigiúnach de FIT
- Ag Comhairle Eorpach na gCumann Aistritheoirí Liteartha
- Ag Cumann Eorpach na nAteangairí agus na nAistritheoirí Dlíthiúla (EULITA)