Cuireann an Cumann fáilte roimh aistritheoirí agus ateangairí i ngach sainréimse agus ar gach leibhéal taithí. Is féidir ballraíocht a ghlacadh sna catagóirí seo a leanas:

  • Ballraíocht do Mhic Léinn ar fáil do dhaoine a bhfuil cúrsa fochéime ar bun acu in aon disciplín nó a bhfuil staidéar iarchéime á dhéanamh acu san aistriúchán nó san ateangaireacht.
  • Bronntar Ballraíocht Chomhlach ar dhaoine a bhfuil cáilíocht acu (leibhéal 7 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí in Éirinn nó a chomhionann) san aistriúchán agus/nó san ateangaireacht agus/nó i dteangacha NÓ ar dhaoine a bhfuil cáilíocht acu (leibhéal 7 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí in Éirinn nó a chomhionann) in aon disciplín eile mar aon le cruthúnas ar thaithí ábhartha dhá bhliain san aistriúchán agus/nó san ateangaireacht;
  • Ballraíocht Ghairmiúil ar fáil d’aistritheoirí agus ateangairí cáilithe a bhfuil taithí ghairmiúil trí bliana ar a laghad acu agus a n‑éiríonn leo freisin sa scrúdú le haghaidh ballraíocht ghairmiúil.

Bronntar an teideal Aistritheoir Dlí Deimhnithe de chuid an Chumainn ar Bhaill Ghairmiúla den chumann a n‑éiríonn leo sa scrúdú aistriúcháin dlí.

Má tá spéis agat ballraíocht a ghlacadh sa Chumann, tá faisnéis bhreise le fáil ar na leathanaigh Bhéarla den láithreán gréasáin anseo

Cá háit ar féidir liom dul faoi oiliúint le bheith i m’aistritheoir Gaeilge?

Cá háit ar féidir liom dul faoi oiliúint le bheith i m’ateangaire?