Cuireadh Cumann Aistritheoirí agus Ateangairí na hÉireann (an Cumann) ar bun in 1986 agus is é an t-aon chomhlacht gairmiúil a dhéanann ionadaíocht d’aistritheoirí agus ateangairí atá ag cleachtadh a ngairme in Éirinn. Cuireann an Cumann na caighdeáin is airde chun cinn sna gairmeacha agus cothaíonn tuiscint níos leithne chomh maith gur gairmeacha iad a bhfuil ardscileanna agus súil ghéar ag teastáil ina leith.
Eagraíocht neamhbhrabúis is ea an Cumann, a bhfuil breis agus 300 ball aige a chuireann seirbhísí ar fáil i níos mó ná 40 teanga. Is é an príomhphointe teagmhála é do chomhlachtaí trádála, tionscail, rialtais, oideachais agus oiliúna.
Is le focail i scríbhinn a bhíonn an t-aistritheoir ag plé, iad á bhfí le chéile ina dtéacsanna chun a n-úsáide i gcló nó ar líne, go hinmheánach i gcomhlacht nó institiúid, nó ag duine aonair fiú.
Cén fáth ar chóir duit dul le ball den Chumann?
- Is gairmithe cáilithe teanga iad Baill Ghairmiúla agus Baill Chomhlacha an Chumainn
- D’éirigh leis na Baill Ghairmiúla sa scrúdú le haghaidh ballraíocht ghairmiúil sa Chumann
- Tugann baill an Chumainn a bhfocal go gcloífidh siad le Cód Cleachtais agus Eitice Gairmiúla Chumann Aistritheoirí agus Ateangairí na hÉireann
- D’éirigh le hAistritheoirí Dlí Deimhnithe an Chumainn i scrúdú aistriúcháin dlí an Chumainn
- Is iondúil go mbíonn saineolas ag baill an Chumainn ar réimse ar leith nó ar roinnt réimsí ar leith, mar shampla, dlí, cúrsaí airgeadais, cúrsaí leighis, litríocht, srl.
- Tá baill an Chumainn eolach ar chúrsaí teicneolaíochta agus bíonn uirlisí aistriúcháin ríomhchuidithe in úsáid ag a bhformhór
- Tuigfidh baill an Chumainn go hiomlán na cúrsaí teanga agus cultúir atá i gceist leis an tionscadal atá idir lámha agat
- Spreagtar do bhaill an Chumainn freastal ar imeachtaí forbartha gairmiúla leanúnaí go rialta
Conas teacht ar aistritheoir/ateangaire
Is féidir leat teacht ar an aistritheoir is fearr a oireann do do thionscadal ar an mbunachar sonraí inchuardaithe de bhaill an Chumainn. Is féidir leat gan ach baill ghairmiúla a chuardach, nó baill ghairmiúla agus baill chomhlacha araon. Cén fáth arb ann do dhá chatagóir ballraíochta?
Is aistritheoirí agus ateangairí cáilithe iad na Baill Ghairmiúla a bhfuil taithí ghairmiúil trí bliana ar a laghad acu. D’éirigh leo freisin sa scrúdú le haghaidh ballraíocht ghairmiúil. Cuimsítear sa chatagóir seo freisin Aistritheoirí Dlí Deimhnithe an Chumainn, ar éirigh leo i scrúdú breise maidir le haistriú doiciméad dlí/oifigiúil.
Is iondúil go mbíonn céim ollscoile san aistriúchán nó san ateangaireacht nó i dteangacha ag na Baill Chomhlacha, nó céim in ábhar nó i réimse eile mar aon le taithí ábhartha dhá bhliain ar a laghad san aistriúchán agus/nó san ateangaireacht.
Is trádálaithe aonair iad aistritheoirí de ghnáth, agus bíonn an-chur amach acu ar a bhfuil i gceist le gnó a reáchtáil. Bíonn siad in ann dul i gcomhar le cliaint dá bhrí sin le margadh, cultúr agus teanga eachtrach a oscailt dá chuid táirgí agus seirbhísí.
B’fhiú go mór duit do mhachnamh a dhéanamh ar na ceisteanna seo a leanas sula ndéanfaidh tú iarracht teacht ar aistritheoir de chuid an Chumainn a dhéanann plé leis na teangacha atá ag teastáil uait:
- An cuspóir agus an sprioclucht léitheoireachta: Céard is cuspóir leis an aistriúchán agus cé a bheidh á léamh?
- Teangacha: Cén teanga ina bhfuil an doiciméad bunaidh (an buntéacs) agus cén teanga atá le cur ar an doiciméad sin (an spriocthéacs)?
- Formáid an téacs: Cén fhormáid ina bhfuil an téacs, nó cé na bogearraí a úsáideadh chun é a chruthú?
- Ábhar: Cén réimse lena mbaineann an téacs?
- Líon na bhfocal: Cé mhéad focal/líne/leathanach atá sa téacs?
- Spriocdháta: Cén spriocdháta atá leis an obair?
- Deimhniú: An bhfuil deimhniú agus/nó apastail ag teastáil don aistriúchán?
Tá sé tábhachtach an doiciméad iomlán deiridh a sheoladh chuig aistritheoir nuair atá meastachán á lorg agat, é sin nó a chur in iúl dó nó di nach bhfuil an leagan deiridh réidh go fóill. Ní féidir le haistritheoir meastachán a thabhairt ar dhoiciméad nach bhfuil feicthe aige nó aici.
Ar na nithe a chuirtear san áireamh agus meastachán á ullmhú ar obair aistriúcháin tá fad an téacs, formáid an chomhaid agus an spriocdháta.
Beidh an próiseas céanna aistriúcháin i gceist i bhformhór na gcásanna beag beann ar an gcineál téacs atá ann:
Léifidh an t‑aistritheoir an téacs go mion chun tuiscint iomlán a fháil air agus chun aon débhrí ann a shainaithint. D’fhéadfadh sé nó sí dul i dteagmháil leis an gcliant ag an am sin chun soiléiriú a lorg ar ghnéithe áirithe.
Téann an t‑aistritheoir i mbun taighde ansin ar an réimse agus ar an téarmaíocht.
Déantar an t‑aistriúchán féin ansin.
Ag an deireadh ar fad, déantar profléitheoireacht agus eagarthóireacht ar an aistriúchán sula gcuirtear an leagan snasta deiridh ar ais chuig an gcliant.